Pobail ar Líne / Seirbhísí ar Líne
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Straitéis Dhigiteach
- Ag Dul ar Líne
- Fiontar ar Líne
- Pobail ar Líne / Seirbhísí ar Líne
- Scileanna Digiteacha
Pobail ar Líne
Tá claochlú maidir leis an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid ar siúl. Is gnéithe nua iad na meáin ar líne, gairis chliste, na meáin shóisialta, blagáil agus téacsáil sa chaoi a ndéanaimid teagmháil lena chéile. Táimid anois in ann an fad agus an iargúltacht a bhraitear a bheith ann a laghdú. Gan na scileanna chun dul i dteagmháil le teicneolaíocht nua, áfach, is féidir daoine a scoitheadh agus a eisiamh tuilleadh.
Cláir scileanna cumarsáide ar líne
Teastaíonn leibhéal bunúsach scile chun dul i mbun na ríomhsochaí. Tá daoine inár sochaí atá i mbaol a n-eisiamh ón athrú teicneolaíochta atá ar siúl mar nach bhfuil na scileanna riachtanacha acu. Agus muid ag obair leis an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) agus leis an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (LRP) i nGaillimh, éascóimid aistriú na scileanna seo ó bhaill r-liteartha pobail chuig na daoine sin nach bhfuil na scileanna acu faoi láthair chun dul i dteagmháil leis an r-shochaí atá ag teacht chun cinn. Déanfar cur chun cinn leanúnach imeachtaí agus cúrsaí trí láithreán gréasáin na Straitéise Digití agus an LRP a chothabháil.
Dúradh i dtuarascáil1 a choimisiúnaigh an Roinn Airgeadais le déanaí agus a foilsíodh i mí na Nollag 2019, go bhfuil luach saothair eacnamaíoch níos mó le baint amach ag an bpobal trí úsáid mhéadaithe a bhaint as seirbhísí airgeadais ar líne.
Ceann de mholtaí na tuarascála seo ba ea “forbairt tionscnamh ag údaráis áitiúla mar chuid de straitéisí digiteacha chun cabhrú le daoine aonair iarratas a dhéanamh ar líne ar sheirbhísí baincéireachta”. Trí níos mó áiteanna a chur ar fáil do dhaoine le dul ar líne trí líonraí rochtana tacaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus trí thacaíocht a thabhairt freisin d’fhaisnéis maidir le feasacht chibearshlándála, beimid ag cur ar chumas an phobail leibhéal níos mó muiníne a fháil agus na seirbhísí seo á n-úsáid acu.
Is cúis imní é an t-uaigneas féideartha a thagann ó nascacht mhéadaithe agus aistriú seirbhísí ar líne do bhaill áirithe den phobal. Trí fheasacht ar imeachtaí oiliúna maidir le scileanna digiteacha a chur chun cinn do gach duine, óg agus aosta, cuirfimid níos mó deiseanna chun cinn chun naisc a chruthú, ach ba cheart dúinn a bheith oscailte freisin chun bealaí nua a fhiosrú inar féidir leis an teicneolaíocht mothú comhoibrithe agus pobail a chur ar fáil.
Leathanbhanda Inrochtana go Poiblí
Tá leathanbhanda ar fáil ag go leor suíomhanna ar fud Chontae na Gaillimhe mar sheirbhísí leabharlainne poiblí. Sainaithníodh roinnt suíomhanna straitéiseacha nó BCPanna chun seirbhís leathanbhanda ardluais a sholáthar i gcás nach bhfuil a leithéid de sheirbhís iontu faoi láthair. Faoin NBP cuirfear nasc ardluais ar fáil sna suíomhanna seo. Tá BCPanna lonnaithe i gcineálacha éagsúla áiseanna ar fud an chontae agus tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le hoibreoirí BCP an leas is fearr a bhaint as an nascacht nua seo don áis agus dá bpobal.
Seirbhísí ar líne
Breathnóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ar bhealaí chun níos mó dá seirbhísí a aistriú ar líne sa todhchaí. Chun cuidiú leis an aistriú seirbhísí sin, ceapfar Cosantóirí Digiteacha do gach stiúrthóireacht de Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a threoróidh ní hamháin an t-aistriú chuig soláthar méadaithe seirbhísí digiteacha, ach a lorgóidh bealaí freisin chun na seirbhísí a sholáthraímid ar líne faoi láthair a fheabhsú.
Maireachtáil neamhspleách
Is é an aidhm atá againn acmhainn na teicneolaíochta a uasmhéadú chun a chur ar chumas daoine aosta agus leochaileacha saol neamhspleách a bheith acu laistigh dá bpobail. Ciallóidh sé sin teicneolaíocht a úsáid chun ár soláthar seirbhíse a oiriúnú chun freastal ar a riachtanais.
Seirbhísí Sláinte ar Líne
Tá cúram príomhúil ag lárú níos mó chuig ionaid mhóra uirbeacha, rud a chuireann riachtanais chomaitéireachta sláinte orthu siúd a bhaineann úsáid as seirbhísí sláinte. Le dul chun cinn sa teicneolaíocht leighis, is féidir an gá atá le go leor de na turais sin a laghdú agus an strus ar dhaoine atá íogair cheana féin a laghdú dá bharr. Oibreoimid le FSS chun an dul chun cinn féideartha is féidir a dhéanamh anseo a iniúchadh.
Cruthóidh forbairt seirbhísí leathanbhanda uileláithreach ar fud Chontae na Gaillimhe an cumas leibhéal níos mó seirbhísí poiblí a sholáthar ar líne thar réimsí cúram sláinte, oideachais, maireachtála neamhspleáiche agus seirbhísí rialála.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte